Page 1 of 20 Aislinge Óenguso The dream of Óengus Section 1 Boí Óengus in n-aidchi n-aili inna chotlud. Bhí Aonghas oíche áirithe ina chodladh Another night Óengus was asleep. Co n-accae ní, in n-ingin cucci for crunn síuil dó. go bhfaca sé cailín chuige ar an leaba dó While he was in bed, he saw something, a girl coming towards him, Is sí as áilldem ro boí i n-Ére. agus ba í an cailín ab áille dá raibh in Éirinn. the most beautiful that was in Ireland. Luid Óengus do gabáil a llámae Chuaigh Aonghas chun a láimh a ghabháil Óengus went to take her hand, dia tabairt cucci inna imdai. chun í a thabhairt isteach sa leaba chuige to take her to him into his compartment. Co n-accae ní; fo-sceinn úad opunn. go bhfaca sé rud: d’imigh sí uaidh go hobann He saw something; she vanished from him suddenly. Nícon fhitir cia árluid húad. agus ní fhidir sé cár imigh sí uaidh. He did not know where she had gone from him. Boí and co arabárach. D’fhan sé ann go maidin amárach He was there until the following day. Nípo shlán laiss a menmae. agus do-mheanma air. His mind was troubled. Page 2 of 20 Do-génai galar ndó in delb ad-condairc cen a haccaldaim. Bhí sé buartha ag an ndeilbh a chonaic sé gan aon agallamh a chur uirthi. The form he had seen without addressing was making him sick. Nícon luid biad inna béolu. Níor chuaigh aon bhia ina bhéal. Food did not go into his mouth. Boí and do aidchi dano aithirriuch. Bhí sé ann nó go raibh sé ina oíche arís He remained there until night again. Co n-accae timpán inna láim as bindem boíe. go bhfaca sé í agus an tiompán ba bhinne ina láimh. He saw a timpán in her hand, the sweetest that was. Sennid céol [n]dó. Sheinn sí ceol dó She played music for him. Con-tuil friss. gur chodail sé leis. She slept with him. Bíid and co arabárach. Bhí sé ann go maidin He was there until the next morning. Nícon ro-proindig dano arabárach. agus an lá amárach ní raibh aon bhéile aige áfach. He was not able to eat moreover the next morning. Page 3 of 20 Section 2 Blíadain lán dó os sí occa aithigid fon séol sin Bliain lán dó agus í ar aithí aige ar an nós sin For a full year she was visiting him in that manner, condid corastar i sergg. nó gur thit sé i léig. so that he wasted away. Nícon epert fri nech. Ní dúirt sé le héinne é. He didn’t speak to anyone. F-a-ceird [i sergg] íarum Ansin thit tinneas air He continued to decay then ocus ní fitir nech cid ro mboí. agus ní fhidir éinne cad a bhí air. and nobody knew what was the matter with him. Do-ecmalldar legi Érenn. Tháinig leagha Éireann le chéile The physicians of Ireland were gathered. Nícon fhetatar-som cid ro mboí asendud. agus ní raibh a fhios acu cad a bhí air. They didn’t know what was the matter with him at last. Ethae co Fingen, liaig Conchobuir. Chuathas go dtí Finghean liaigh Chonchúir. Word was sent to Fingen, Conchobar’s physician. Do-tét-side cucci. Tháinig sé chuige. He came to him. Adgninad-som i n-aigid in duini a ngalar no bíth for Bhíodh a fhios aige siúd ar aghaidh an duine cén galar a bhíodh air He used to know in the face of the person the disease that he used to have ocus ad-gninad din dieid no théiged din tig agus bhíodh a fhios aige ar an ndeatach a thagadh amach as tigh and he used to recognise from the smoke out of the house Page 4 of 20 a llín no bíth co ngalar and. an líon daoine a bhíodh ann agus galar orthu. the number that used to be sick there. Section 3 Atngládastar for leith. Labhair sé leis i leataoibh. He spoke to him aside. “Ate, nítat béodai do imthechta,” ol Fingen “Ara, ní hiontach do chás,” arsa Finghean, “Truly indeed, your affairs are not lucky”, said Fingen. “Sercc écmaise ro carais.” “thitis i ngrá le searc éagmaise.” “You have loved one who is absent”. “Ad-rumadar mo galar form,” ol Óengus. “Tá mo ghalar tomhaiste agat,” arsa Aonghas. “You have judged my disease upon me”, said Óengus. “Do-rochar i ndochraidi ocus ní ro-lámar a epirt fri nech,” [ol Fingen]. “Thitis i ndochraí agus níor lámhais é a rá le héinne,” arsa Finghean. “You have fallen into hardship and you have not dared to say it to anyone”, [said Fingen]. “Is fír deit,” ol Óengus. “Is fíor sin duit,” arsa Aonghas. “True for you”, said Óengus. “Do-m-ánaic ingen álaind in chrotha as áilldem i n-Ére co n-écusc derscaigthiu. “Tháinig chugam cailín álainn agus an crot is áille in Éirinn uirthi agus gné dhearscaithe. “A beautiful shaped girl has come to me, the most beautiful in Ireland, with a distinguished appearance. Timpán inna lláim, conid senned dam cach n- aidchi.” Bhíodh tiompán ina láimh agus do sheinneadh sí dom gach oíche.” A timpán in her hand, and she used to play it to me every night”. “Ní báe,” ol Fingen; “do-rogad duit cairdes frie; “Is cuma sin,” arsa Finghean, “toghadh duit cairdeas léi. “That does not matter”, said Fingen; “it has been chosen for you to have a union with her; Page 5 of 20 ocus foítter úait cossin mBoinn, cot máthair, Cuirtear fios uait ar an mBóinn, ar do mháthair, and let someone be sent from you to the Bóann, to your mother, co tuidich dot accaldaim.” agus tagadh sí chun cainte leat.” so that she might come to speak with you”. Section 4 Tíagair cuicce. Chuathas chuici Someone went to her. Tic iarum in Boann. agus tháinig an Bhóinn ina dhiaidh sin. Bóann came then. “Bíu oc frepaid ind fhir se,” ol Fingen, “Táim ag titim leis an bhfear seo,” arsa Finghean, “I am engaged in healing this man”, said Fingen, “d-an-ánaic galar n-ainchis.” “tháinig galar anaithnid air.” “a serious illness has come upon him”. Ad-fíadot a scéla don Boinn. D’insíodar a scéala don Bhóinn. They related his story to the Bóann. “Bíd a fhreccor céill dia máthair,” ol Fingen. “Bíodh a fhreastal ar a mháthair,” arsa Finghean. “Let his mother take care of him”, said Fingen. “D-an-ánaic galar n-ainchis; “Tháinig galar anaithnid air “A serious illness has come upon him; ocus timchelltar húait Ériu uile, agus téirse timpeall Éireann ar fad let someone go from you throughout all of Ireland dús in n-étar húait ingen in chrotha so adcondairc do macc.” féachaint an bhfaigheann tú cailín an chrotha seo a chonaic do mhac.” to see if a girl of such appearance as your son saw might be found”. Page 6 of 20 Bíid oc suidiu co cenn mblíadnae. Bhí sí aige sin go ceann bliana. She did that until the end of the year. Nícon fhríth ní [ba] chosmail dí. Ní bhfuarthas aon rud cosúil léi. Nobody was found that was similar to her. Is iar sin con-gairther Fingen doib aithirriuch. Ina dhiaidh sin glaodh Finghean chucu arís. It was after that that Fingen was called to them again. “Nícon fhríth cobair isindísiu,” ol Boann. “Ní bhfuarthas aon chabhair ann,” arsa an Bhóinn. “A remedy was not found in that”, said Bóann. As-bert Fingen: “Foítter cossin nDagdae tuidecht do accaldaim a maicc.” D’fhreagair Finghean: “Cuirtear fios ar an nDá go dtaga sé chun cainte lena mhac.” Fingen answered: “Let someone be sent to the Dagdae to come and speak to his son”. Section 5 Tíagair cossin nDagdae. Chuathas chun an Dá A messenger was sent to the Dagdae. Ticc-side aithirriuch. agus tháinig sé ansin. He came again. “Cid diandom chomgrad?” “Cad chuige gur glaodh orm?” “Why have I been summoned?” “Do airli do maicc,” ol in Boann. “Chun comhairle a thabhairt dod’ mhac,” arsa an Bhóinn. “To counsel your son”, said the Bóann. “Is ferr duit a chobair. “Is fearr duit cabhrú leis. “Your help is better for him. Is liach a dul immudu. Ba thrua a chailliúint. His wasting away is unfortunate. At-tá i siurgg. Tá galar air. He is in decay. Page 7 of 20 Ro car seircc écmaise ocus ní roachar a chobair.” Thit sé i ngrá le searc éagmaise agus níl cabhair faighte dó.” He has loved one who is absent and help has not been found for him”. “Cia torbae mo accaldam?” ol in Dagdae. “Cé’n tairbhe a insint domsa?” arsa an Dá. “What profit in speaking to me?” said the Dagdae. “Ní móo mo éolas in-dáthe-si.” “Ní mó an t-eolas atá agamsa ná mar atá agaibhse.” “My knowledge is not greater than yours”. “Móo écin,” ol Fingen. “Is mó mhuis,” arsa Finghean, “Greater indeed”, said Fingen, “Is tú rí síde n-Érenn; “is tusa rí síthe Éireann. “you are the king of the síde of Ireland; ocus tíagar úaib co Bodb, ríg síde Muman, Agus téithear uaibh go dtí Bodhbh, rí síthe na Mumhan; and let someone go to Bodb, the king of the síd of Munster: ocus is deilm a éolas la hÉrinn n-uili.” tá fuaim a eolais ar fud Éireann.” he is famous throughout Ireland for his knowledge”. Section 6 Ethae co suide. Chuathas chuige. Someone went to him. Feraid-side fáilti friu. Chuir sé fáilte rompu. He welcomed them. “Fo chen dúib,” ol Bodb, “a muinter in Dagdai.” “Dé bhur mbeathasa,” arsa Bodhbh, “a mhuintir an Dá.” “Welcome to ye”, said Bodb, “o people of the Dagdae”. “Is ed do-roachtmar.” “Is amhlaidh a thángamar.” “It is for this we have come”. Page 8 of 20 “Scéla lib?” ol Bodb. “An bhfuil scéala agaibh?” arsa Bodhbh. “Have ye tidings?” said Bodb. “Atáat linni: Óengus macc in Dagdai i siurgg dá blíadnae.” “Tá againn: tá galar ar Aonghas mac an Dá le dhá bhliain anuas.” “We have: Óengus son of the Dagdae is in decay for two years”. “Cid táas?” ol Bodb. “Cad tá air?” arsa Bodhbh. “What ails him?” asked Bodb. “Ad-condairc ingin inna chotlud. “Chonaic sé cailín ina chodladh. “He has seen a girl in his sleep. Nícon fhetammar i n-Ére cia hairm i tá ind ingen ro char ocus ad-condairc. Ní fheadramar in Éirinn cá bhfuil an cailín a chonaic sé gur thit sé i ngrá léi. We do not know where in Ireland is the girl he has loved and has seen. Timmarnad duit ón Dagdae Tá ord agat ón Dá You are commanded by the Dagdae co comtastar húait fond Érinn ingen in chrotha sa ocus ind écuisc.” cailín an chrotha seo agus na deilbhe seo a lorg ar fud Éireann.” to seek throughout Ireland until you find a girl of this form and shape”. “Con-díastar” ol Bodb, “Loirgeofar,” arsa Bodhbh, “It will be searched”, said Bodb, “ocus étar dál blíadnae friumm co fessur fis scél.” “agus bíodh dáil bhliana agam le fios an scéil a fháil.” “and let me have a year’s respite so I can find knowledge of the story”. Page 9 of 20 Section 7 Do-lluid cinn blíadnae co tech mBuidb co Síd al Femen. Tháinig sé i gcionn bliana go tigh Boidhbh i Sí ar bhFeimhean. He came at the end of a year to Bodb’s house at Síd al Femen. “To-imchiullus Érinn n-uili “Chuas timpeall Éireann go léir “I made a circle of Ireland co fuar in n-ingin oc Loch Bél Dracon oc Crottaib Cliach,” [ol Bodb]. go bhfuaras an cailín ag Loch Bhéal Dragan ag Crotta Cliach,” arsa Bodhbh. until I found the girl at Loch Bél Dracon at Crotta Cliach”, [said Bodb]. Tíagair úaidib dochum in Dagdai. Chuaigh siad chun an Dá. Messengers were sent by them to the Dagdae. Ferthair fáilte friu. Cuireadh fáilte rompu. They were welcomed. “Scéla lib?” ol in Dagdae. “An bhfuil scéala agaibh?” arsa an Dá. “Have you tidings?” asked the Dagdae. “Scéla maithi; “Tá scéala maithe. “Good tidings; fo-fríth ind ingen in chrotha so as-rubartaid. Fuarthas cailín an chrotha a dúrthas. the girl of this appearance, you have spoken of has been found. Timmarnad duit ó Bodb. Cuireann Bodhbh chugat: You have been summoned by Bodb. Táet ass Óengus linni a dochum imíodh Aonghas inár dteannta chuige Let Óengus come with us to him dús in n-aithgne in n-ingin, féachaint an aithníonn sé an cailín to see if he might recognise the girl, conda accathar.” agus chíodh sé í.” so that he might see her”. Page 10 of 20 Brethae Óengus i carput co mboí oc Síd al Femen. Rugadh Aonghas i gcarbad go dtí Sí ar bhFeimhean. Óengus was taken in a chariot until he was at Síd al Femen. Fled mór lassin ríg ara ciunn. Bhí fleá mhór ag an rí ós a chomhair. A great feast was ready for them with the king. Ferthae fáilte friss. Cuireadh fáilte roimhe. He was made welcome. Bátar trí láa ocus teora aidchi ocond fhleid. Bhíodar trí lá agus oíche ag an bhfleá. They were three days and three nights at the feast. “Tair ass trá,” ol Bodb, “Téanam oraibh anois,” arsa Bodhbh, “Come away now”, said Bodb, “dús in n-aithgne in n-ingin conda aiccther.” “féachaint an aithneoidh tú an cailín agus go bhfeice tú í. “to see if you might recognise the girl, so that you might see her. “Ci ad-da-gnoe, Fiú amháin má aithníonn tú í, Although you may recognise her ní-s cumcaim-si a tabairt ní féidir liomsa í a thabhairt I haven’t the power to give her [to you], acht ad-n-da-cether nammá.” ach amháin go bhfeice tú í.” save only that you may see her”. Page 11 of 20 Section 8 To-lotar íarum co mbátar oc Loch. Thángadar ansin go dtí go rabhadar ag an loch. They came then until they were at Loch [Bél Dracon]. Co n-accatar inna tri cóecta ingen macdacht. Chonacadar trí caogaid cailín fásta ann They saw a hundred and fifty young girls. Co n-accatar in n-ingin n-etarru. agus an cailín ina measc. They saw the girl among them. Ní tacmuictis inna hingena dí acht coticci a gualainn. Ní ráinig na cailíní ach go dtína guala. The other girls only reached to her shoulder. Slabrad airgdide eter cach dí ingin. Bhí slabhra airgid idir gach beirt chailín. A silver chain between each two girls. Muince airgdide imma brágait fadisin Bhí muinche airgid féna bráid féin A silver necklace around her own neck ocus slabrad di ór fhorloiscthiu. agus slabhra d’ór forloiscthe. and a gold chain of burnished gold with her. Is and as-bert Bodb: “In n-aithgén in n-ingen n-ucut?” Ansin a dúirt Bodhbh: “An n-aithníonn tú an cailín úd?” It is then that Bodb spoke: “Do you recognise the girl over there?” “Aithgén écin,” ol Óengus. “Aithním go deimhin,” arsa Aonghas. “I know her indeed”, said Óengus. “Ní-m thá-sa cumacc deit,” ol Bodb, “bas móo.” “Ní féidir liom níos mó a dhéanamh duit,” arsa Bodhbh. “I can do no more for you”, said Bodb. “Ní báe són,” ol Óengus, “ém; óre as sí ad- condarc; “Is cuma sin,” arsa Aonghas, “ámh, mar is í an cailín a chonacsa. “That is no matter”, said Óengus; “indeed, she is the girl I saw; ní cumcub a breith in fecht-so.” Ní féidir liom í a bhreith liom an babhta so. I will not be able to take her now”. Page 12 of 20 “Cuich ind ingen sa, a Buidb?” ol Óengus. Cé hí an cailín seo, a Bhoidhbh?” arsa Aonghas. “Who is that girl, Bodb?” asked Óengus. “Ro-fetar écin,” ol in Bodb, “Tá a fhios agam mhuis,” arsa Bodhbh, “That I know, indeed”, said Bodb. “Caer Ibormeith, ingen Ethail Anbuail “Caor Iúrmhaith iníon Eathail Anbhuail “Caer Ibormeith, daugher of Ethal Anbuail a ssíd Úamain i crích Connacht.” as Sí Uamhain i gcríoch Connacht.” from Síd Úamain in the territory of Connacht”. Section 9 Do-comlat ass íarum Óengus ocus a muinter dochum a críche. Ansin d’imigh Aonghas agus a mhuintir chun a gcríche. Óengus and his people departed then to their territory. Téit Bodb laiss Chuaigh Bodhbh ina theannta Bodb went with him co n-árlastar in nDagdae ocus in mBoinn oc Bruig maicc ind Óicc. agus bhí ag caint leis an nDá agus le Bóinn ag Brú na Bóinne. to speak to the Dagdae and the Bóann at Newgrange. Ad-fíadat a scéla doib D’insíodar a scéala dóibh They related the tidings to them ocus ad-fídatar doib amail mboíe agus dúradar leo conas a bhí sí and they told them how she was, eter cruth ocus écoscc amail ad-condarcatar. idir chruth agus deilbh fé mar a chonacadar. in shape and appearance, as they had seen. Ocus ad-fídatar a hainm ocus ainm a hathar ocus a senathar. Agus dúradar a hainm, agus ainm a hathar, agus a seanathar. They related her name and her father’s name and her grandfather’s name. Page 13 of 20 “Ní ségdae dúnn,” ol in Dagdae, “ná cumcem do socht.” “Níl go maith againn,” arsa an Dá, “nach féidir linn do shocht a shárú.” “We regret”, said the Dagdae, “that we are not able to do anything”. “Aní bad maith duit, a Dagdai,” ol Bodb. “Is é an rud ba mhaith dhuit, a Dhá,” arsa Bodhbh, “[I will tell you] that which would be good for you [to do], O Dagdae”, said Bodb. “Eircc dochum n-Ailella ocus Medbae “ná dul chun Oilealla agus Meidhbhe “Go the Ailill and Medb ar is leo bíid inna cóiciud ind ingen.” mar is leo a bhíonn an cailín ina gcúigeadh.” because the girl is with them in their province”. Section 10 Téit in Dagdae co mboí i tírib Connacht, Chuaigh an Dá go dtí go raibh sé i dtíortha Connacht The Dagdae went until he was in the lands of the Connachta, trí fichit carpat a lín. agus trí fichid carbad aige. sixty chariots the number. Ferthae fáilte friu lassin ríg ocus in rígnai. Do chuir an rí agus an bhanríon fáilte rompu. They were welcomed by the king and the queen. Bátar sechtmain láin oc fledugud íar sin im chormann doib. Bhíodar seachtain lán ina dhiaidh sin agus fleá agus cuirmeacha acu. They were a full week feasting then and drinking. “Cid immu-b-rácht?” ol in rí. “Cad a thug anseo sibh?” arsa an rí. “Why did you come to us?” said the king. “At-tá ingen lat-su it fherunn,” ol in Dagdae, “Tá cailín leatsa i t’fhearann,” arsa an Dá, “You have a girl in your territory”, said the Dagdae, Page 14 of 20 “ocus ro-s car mo macc-sa, “agus thit mo mhacsa i ngrá léi “and my son has loved her, ocus do-rónad galar dó. agus tháinig galar air. and he has become sick. Do-dechad-sa cuccuib Thánagsa chugaibh I have come to you dús in-da tartaid don macc.” féachaint an dtabharfaidh sibh dom mhac í.” to see if you will give her to the boy”. “Cuich?” ol Ailill. “Cé hí féin?” arsa Oilill. “Whom?” said Ailill. “Ingen Ethail Anbuail.” “Iníon Eathail Anbhuail.” “The daughter of Ethail Anbuail”. “Ní linni a cumacc,” ol Ailill ocus Medb. “Níl sin ar ár gcumas,” arsa Oilill agus Meadhbh, “We don’t have the power”, said Ailill and Medb. “Dia cuimsimmis do-bérthae dó.” “dá mbeadh, tabharfaí dó í.” “If we were able, she would be given to him”. “Ani for-maith -congairther rí in tshíde cuccuib,” ol in Dagdae. “Is é an rud is maith dhaoibh rí na sí a ghlaoch chugaibh,” arsa an Dá. “The best thing is for the king of the síd to be called to you”, said the Dagdae. Page 15 of 20 Section 11 Téit rechtaire Ailella cucci. Chuaigh reachtaire Oilealla chuige. Ailill’s steward went to him. “Timmarnad duit ó Ailill ocus Meidb dul dia n-accaldaim.” “Tá ord agat ó Oilill agus Meadhbh dul chun cainte leo.” “A request for you from Ailill and Medb to go to talk with them”. “Ní reg-sa,” ol sé. “Ní raghadsa,” ar seisean, “I will not go”, he said. “Ní tibér mo ingin do macc in Dagdai.” “ní thabharfad m’iníon do mhac an Dá.” “I will not give my daughter to the Dagdae’s son”. Fásagar co hAilill anísin. Dúrthas le hOilill an rud sin. This was related to Ailill. “Ní étar fair a thuidecht; “Níl sé sásta teacht “He will not come; ro-fitir aní dia congarar.” mar tá a fhios aige cad chuige a ghlaotar air.” he knows why he was summoned”. “Ní báe,” ol Ailill, “do-rega-som ocus dobértar cenna a laech laiss.” “Is cuma,” arsa Oilill, “tiocfaidh sé agus tabharfar cinn a laoch leis.” “No matter”, said Ailill, “he will come and the heads of his warriors will be brought with him”. Íar sin cot-éirig teglach n-Ailella ocus muinter in Dagdai dochum in tshíde. Ina dhiaidh sin d’éirigh teaghlach Oilealla agus muintir an Dá amach chun na sí. Then Ailill’s household and Dagdae’s people rose up and went to the síd. In-rethat a síd n-uile. D’ionsaíodar an tsí go léir. They overran the whole síd. Do-sm-berat trí fichtea cenn ass ocus in ríg co mboí i Crúachnaib i n-ergabáil. Rugadar trí fichid ceann aisti chomh maith leis an rí nó go raibh sé fé choimeád i gCruachain. They took sixty heads out of it and brought the king, confined to Crúachain. Page 16 of 20 Section 12 Is íarum as-bert Ailill fri hEthal n-Anbuail: Ansin dúirt Oilill le hEathal Anbhuail: Afterwards Ailill said to Ethal Anbuail “tabair do ingin do macc in Dagdai.” “Tabhair t’iníon do mhac an Dá.” “give your daughter to the son of the Dagdae”. “Ni cumcaim,” ol sé. “Ní fhéadfainn,” ar seisean, “I cannot”, he said. “Is móo a cumachtae in-dó.” “is mó cumhacht atá aici siúd ná mar atá agamsa.” “Her power is greater than mine”. “Ced cumachtae mór fil lee?” ol Ailill. “Cad í an chumhacht mhór atá aici?” arsa Oilill. “What great power does she have?” asked Ailill. “Ní anse; “Ní deacair a rá: “Not difficult: bíid i ndeilb éuin cach la blíadnai, bíonn sí i ndeilbh éin gach re bliadhain she spends a year in the shape of a bird, in mblíadnai n-aili i ndeilb duini.” agus an bhliain eile i ndeilbh dhuine.” then a year in the shape of a person”. “Ci-ssí blíadain mbís i ndeilb éuin?” ol Ailill. “Cén bhliain a bhíonn sí i ndeilbh éin?” arsa Oilill. “What year will she be in the shape of a bird?” asked Ailill. “Ní lemm-sa a mrath,” ol a hathair. “Ní liomsa a brath,” arsa a hathair. “It is not for me to betray her”, said her father. “Do chenn dít,” ol Ailill, “mani-n écis-ni.” “Do cheann díot,” arsa Oilill, “mura n-insíonn tú dúinn é.” “Your head so”, said Ailill, “unless you tell us”. “Níba sia cucci dam-sa,”ol sé. “Ní choimeádfaidh mé rúnda é níos faide,” ar seisean; “I will not keep it secret any longer”, he said. Page 17 of 20 “At-bér-sa,” ol sé; “is lérithir sin ro-n gabsaid occai. “déarfadsa,” ar seisean, “ós léir gur mhian libh í a ghabháil. “I will tell it”, he said, “as you are going about finding her so diligently. In tshamuin-se as nessam An tSamhain seo chugainn Next Samhain bieid i ndeilb éuin oc Loch Bél Dracon, beidh sí i ndeilbh éin ag Loch Bhéal Dragan she will be in the shape of a bird at Loch Bél Dracon, ocus ad-cichsiter sain-éuin lee and, agus chífear sain-éin ina teannta ann and wondrous birds will be seen there with her, ocus bieit trí cóecait géise n-impe; agus beidh trí caogaid eala uimpi and a hundred and fifty swans will be around her; ocus at-tá aurgnam lemm-sa doib.” agus tá urghnamh agamsa dóibh.” and I have a special preparation for them”. “Ni báe lemm-sa íarum,” ol in Dagdae, “Is amhlaidh is cuma liomsa,” arsa an Dá, “That does not matter to me then”, said the Dagdae, “óre ro-fetar a haicned do-s-uc-so.” “mar toisc go bhfuil a haigne ar eolas agat, is féidir leat í a thabhairt anseo.” “for since you know her nature you may bring her”. Page 18 of 20 Section 13 Do-gníther íarum cairdes leu Ina dhiaidh sin deineadh cairdeas eatarru An alliance was made between them then, .i. Ailill ocus Ethal ocus in Dagdae .i. Oilill agus Eathal agus an Dá i.e. between Ailill and Ethal and the Dagdae, ocus soírthair Ethal ass. agus fágadh Eathal saor. and Ethal was released. Celebraid in Dagdae doib. D’fhág an Dá slán acu. The Dagdae bade farewell to them. Ticc in Dagdae dia thig ocus ad-fét a scéla dia macc. Tháinig an Dá chun a thí agus d’inis a scéala dá mhac. The Dagdae came to his house and related his news to his son. “Eirc immon samuin as nessam co Loch Bél Dracon “An tSamhain seo chugainn téir go dtí Loch Bhéal Dragan “Go at the forthcoming feast of Samain to Loch Bél Dracon conda garae cuccut dind loch.” agus glaoigh chugat ón loch í.” so that you may call her to you from the lake”. Téit in Macc Óc co mboí oc Loch Bél Dracon. Chuaigh an Macc Óg go Loch Bhéal Dragan The Macc Óc went until he was at Loch Bél Dracon. Co n-accae trí cóecta én find forsind loch agus chonaic trí caogaid éan fionn ar an loch He saw one hundred-and-fifty white birds on the lake cona slabradaib airgdidib co caírchesaib órdaib imma cenna. lena slabhraí airgid agus cochlaigh órga ar a gceannaibh. with silver chains and golden curls around their heads. Boí Óengus i ndeilb doínachta for brú ind locha. Bhí Aonghas i ndeilbh dhuine ar bhruach an locha Óengus was in human form on the lake shore. Con-gair in n-ingin cucci. agus ghlaoigh sé an cailín chuige: He summoned the girl to him. Page 19 of 20 “Tair dom accaldaim, a Chaer.” “Tar chun cainte liom, a Chaor.” “Come and speak to me, O Caer”. “Cia do-m-gair?” ol Caer. “Cé tá ag glaoch orm?” arsa Caor. “Who calls me?” said Caer. “Cotot-gair Óengus.” “Tá Aonghas ag glaoch ort.” “Óengus calls you”. “Regait diandom fhoíme ar th’ inchaib co tís a lloch mofhrithisi.” “Raghad má fhaomhann tú ar t’eineach go dtiocfad arís don loch.” “I shall go if you guarantee to me on your honour that I may come back to the lake again”. “Fo-t-shisiur,” ol sé. “Faomhaim,” ar seisean. “I accept your request”, he said. Section 14 Téiti cucci. Chuaigh sé chuici She went to him. Fo-ceird-sium dí láim forrae. agus do chuir dhá láimh uirthi. He put two arms upon her. Con-tuilet i ndeilb dá géise Chodlaíodar i ndeilbh dhá eala They slept in the shape of two swans co timchellsat a lloch fo thrí agus chuadar trí huaire timpeall an locha and made a circuit of the lake three times conná bed ní bad meth n-enech dó-som. chun ná beadh agus ná raibh aon rud ann le meath a chur ar a eineach. so that there was no loss of honour for him. To-comlat ass i ndeilb dá én fhind D’imíodar i ndeilbh dhá éan fionn They set off in the shape of two white birds co mbátar ocin Bruig Maicc in Óicc, go dtí go rabhadar ag Brú na Bóinne until they were at Newgrange, Page 20 of 20 ocus [ch]echnatar cocetal cíuil agus chanadar comhsheinm cheoil and they sang in harmony together co corastar inna dóini i súan trí láa ocus teora n-aidche. a chuir suan agus síorchodladh ar na daoine go ceann trí lá agus oíche. so that it put people to sleep for three days and three nights. Anais laiss ind ingen íar sin. Ina dhiaidh sin d’fhan an cailín leis. The girl remained with him after that. Section 15 Is de sin ro boí cairdes in Maicc Óic ocus Ailella ocus Medbae. B’shin é an fáth go raibh cairdeas idir an Macc Óg agus Oilill agus Meadhbh. It is on account of that that there was an alliance between the Macc Óc and Ailill and Medb. Is de sin do-cuaid Óengus, tricha cét, Agus b’shin é an fáth gur chuaigh Aonghas agus a thríocha céad It is on account of that that Óengus and his trícha cét went co Ailill ocus Meidb do tháin inna mbó a Cúailnge. le hOilill agus Meadhbh do tháin na mbó i gCuailnge. with Ailill and Medb to the cattle-raid in Cooley. Conid ‘De Aislingiu Óenguso Maicc in Dagdai’ ainm in scéuil sin isin Táin bó Cúailnge. Gurb é ‘Aisling Aonghasa mhic an Dá’ ainm an scéil seo sa Táin Bhó Cuailnge. So that ‘Of the Dream of Óengus, the son of the Dagdae’ is the name of that tale in The Cattle-Raid of Cooley. Finit. Finit. Finit.